Forógra
An Teangaidh Dhúchais sa gCeantar agus an Ealaín.
"M'Ghrá thú!" nó "Bhuel boc!" a deir muintir Bhéal Átha an Fheadha de ghnás, nuair a chasann siad ar a chéile. Ní haon iontas é, mar bhí An Ghaeilge le clunns go mion minic ar na sráideanna go dtí tuairim is céad bliain ó shin agus tá píosa maith fágtha sa leagan Béarla a bhíos ann sa bhaile inniú.
Tá baint domhain, nadúrach, láidir idir an Ghaeilge agus an ealaín. Tigeann na mílte daoine chun na teangadh i dtoiseach, tríd an gceol mar shampla, agus tá meas mór ag lucht an chultúir, ar an nGaeilge. Bheadh sé cuí agus cóir an dá ábhar a chur i dtoll a chéile, go h-áirithe os rud é go bhfuil an t–úafás scéalta, filíochta, amhráin agus stair áitiúil ann agus iad dearmadaithe ag na daoine mar níl a dteanga dhúchais acu a thuilleadh. Bheadh an meitheal ealaíne bealach amháin, ár n-oidhreacht a athbheochan sa gceantar.
An Gaeltacht, An Gaeilge agus ANNCF
Fiú amháin go bhfuil muid lonnaithe sa Galltacht anois, bíonn muid i gcónaí ag iarraidh an baint leis ANNCF agus an Gaeltacht a neartú ar bealaí éagsúla. Sin sampla dona tograí a bhí agus a bheidh (le cúnamh Dé) déanta againn ar shon an Gaeilge..
- Thoisigh muid "An Gaeltacht Express", turais lae go dtí na Gaeltachtaí éagsúla i Mhaigh Eo - "Caint, ceol, ól" agus neart craic.
- Tá muid cláraithe le Foras na Gaeilge agus d'éirigh linn le iarratais roimhe sin. Tig le duine ar bith atá mar bhall don ANNCF iarratas a dhéanamh tríd an comharchumann.
- Tá giota maith den ballraíocht le Gaeilig agus tá muid sásta cúnamh a thabhairt do duine ar bith atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim, saor in aisce. Tá an Gaeilge le clunns go mion minic ag eachtraí an ANNCF.
- Oíchí Scéalaíochta le cainteoirí dúchasacha ón gceantar
- Ranganna ealaín chomhraic i nGaeilig
- Drámaí
- Ceolchoirmeacha den chuile shoirt (garáiste, ponc, leictreonach, snag, triallach srl)
- Ag léiriú agus craoladh Meáin úr: pota craoltaí, físeáin, ghearr-scannánaí, ríleanna srl
- Ag cothú an Gaeilge i measc na ballraíocht
Bígí Linn!
Is cuma cé chomh maith (nó dona) is do chuid Gaeilge nó cé chomh craiceáilte is a bhfuil do chuid smaointe, beidh 'se do bheatha mór anseobh! Síneadh suas mar bhall agus téigh i dteagmháil linn nó buail isteach do cheann de na heachtraí. Tá muid ag fanacht leat!