Forógra
An Teangaidh Dhúchais sa gCeantar
"Ghrá thú!" nó "Bhuel boc!" a deir muintir Bhéal Átha an Fheadha de ghnás, nuair a chasann siad ar a chéile. Ní haon iontas é, mar bhí An Ghaeilge le cluins go mion minic ar na sráideanna go dtí tuairim is céad bliain ó shin agus tá píosa maith fághta sa leagan Béarla a bhíos ann sa bhaile inniú.
Sin ráite, bíonn sé doiligh corruair, áiteanna cearta sa mbaile a bhaint amach agus daoine ag iarraidh Gaeilge a labhairt lena chéile gan stró. Is ábhar spéisúil é, ach cuireann an Gaeilge isteach ar an mBéarlóir go minic agus neart ól tógtha aige ag an am. Sin rud amháin go dtiocfadh linn a chur i gceart, áras na Gaeilge a chur ar bun i measc na n-imeachtaí eile.
Tá baint domhain, nadúrach, láidir idir an Ghaeilge agus an ealaín. Tigeann na mílte daoine chun na teangadh i dtoiseach, tríd an gceol mar shampla, agus tá meas mór ag lucht an chultúir, ar an nGaeilge. Bheadh sé cuí agus cóir an dá ábhar a chur i dtoll a chéile, go h-áirithe os rud é go bhfuil an t–úafás scéalta, filíochta, amhráin agus stair áitiúil ann agus iad dearmadaithe ag na daoine mar níl a dteanga dhúchais acu a thuilleadh. Bheadh an meitheal ealaíne bealach amháin, ár n-oidhreacht a athbheochan sa gceantar.